Page 110 - Gonzaga at 60
P. 110
110

GONZAGA AT SIXTY: A WORK IN PROGRESS














Gonzaga bocht. B’héidir go raibh sé i gceist nach gcloisí faoinár leithéidíse arís – na healaíontóirí,
na haisteoirí, an dream cruthaitheach, lucht an imill. An sinne an ainín bhuile, rud náireach, faoi
cheilt? Thugtaí cead ár gcinn dúinn i gcónaí, chomh fada is a choimeádamar as radharc, ach anois
agus cuid againn tar éis éalú agus muid ag ráthú i lár an aonaigh tá baol ann go loifear an íomhá
thraidisiúnta de iardhalta Gonzaga - íomhá a dhéanann ár n-iar-chomhghleacaithe, na baincéirí,
stocbhróicéirí, galfairí, anailísithe airgeadais, agus dlíodóirí a ndícheall a choimeád i réim.
Is sinne lucht na ndán. Na hainniseoirí eisceachtúla nár oir riamh do ghnáth íomhá na scoile:
leithéidí Michael Cooney, an rinceoir, Corban Walker, an t-ealaíontóir, Ed Guiney, an léiritheoir
scannáin, Hugh O’Connor, aisteoir. Is ball mise de hoghrúpa atá níos aisí fós, ealaíontóirí le
Gaeilge.
D’héadfaí a rá gur baill sinne den dara Gonzaga. Óir, bhí dhá Gonzaga ann i gcónaí - an
ghnáthscoil sho-aitheanta: áit hiúntach, ghalánta a thug oiliúint den scoth do bhuachaillí
saibhre, éirimiúla a chuaigh ar aghaidh chun céimeanna MBA a ghnóthú agus postanna arda i
réimsí airgeadais agus dlí. Agus ansin bhí an taobh eile, an Gonzaga rúnda, réimse faoi thalamh:
grúpa beag de bhuachaillí cruthaitheacha, ealaíonta ar tugadh díreach an aird chéanna orthu
agus an meas céanna dóibh ach i gcúinne scartha don scoil; áit imeallach, rúnda nach raibh aon
chead isteach ag na gnáthdhaltaí ann, (ná aon suim acu ann, i ndáiríre).
Ba chineál scoile iontu féin iad seomra ceoil Gerry Murphy agus seomra ealaíne Darragh
O’Connell - áiteanna ainrialta, neamhshrianta inar scaoileadh saor ár samhlaíocht agus tugadh
tacaíocht dár n-uile mhian, cuma cé chomh háiféiseach, cé chomh radacach is a bhí sé. Bhí
ionchar ag na tuairimí agus léargais a d’eascair sna seomraí seo ar an scoil i gcoiinne trí na
comhráite a thosnaigh ann agus ansin a lean sna ranganna teanga agus go háirithe ranganna
Béarla Michael Bevan agus David Murray.
Ba é Fr Noel Barber a d’aithin an claonadh chun na healaíne ionamsa ar dtús. Leis an tsúil
ghéar chéanna a thug faoi ndeara an piciúr os cionn na ine i Sráid Líosan go bhfuarthas amach
gur Caravaggio é, mheas sé go raibh mianach éigin ionam, agus mhol sé dom ealaíon a dhéanamh
don ardteist. Ní héadfainn aon chumas ealaíne a aithint ionam féin ag an am, ach dúirt sé liom
a bheith foighneach agus iontaoibh a bheith agam asam féin agus go diocfadh sé diaidh ar
ndiaidh.
Níl aon dabht ná gur leimhe go mór a bheadh mo shaol murach an chomhairle sin. Thug na
ranganna laethúla ealaíne spás do mo shamhlaíocht fás i rith mo thrí bliana deireanacha scoile
agus de réir a chéile thosnaigh m’ininn ag cuardach bealaí corraitheacha cruthaitheacha
Chaith mé an chéad deich mbliana tar éis scoile ag taisteal an domhain, ag cuardach breis
tuisceana, ag gluaiseacht trí phobail imeallacha sna Rockies, sna Himiléithe agus sna hAindéis,
   105   106   107   108   109   110   111   112   113   114   115